An tSochtheangeolaiocht
193 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

An tSochtheangeolaiocht , livre ebook

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
193 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

NOTE: This work is in the Irish language only; it is not available in the English language. An tSochtheangeolaiocht is a multi-author text which gives an introduction to the international discipline of sociolinguistics in the context of Irish language and society. The book tackles both theoretical themes and their applications, including: linguistic variation, language communities, linguistic anthropology, societal multilingualism, language shift, codemixing and creolisation, concepts of language planning, standard and standardisation, the legal and constitutional status of Irish, Irish in the education system, defining the Gaeltacht, national identity, language institutions and voluntary bodies, and the media.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 16 mars 2012
Nombre de lectures 4
EAN13 9781908057440
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0900€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

An tSochtheangeolaíocht:
Feidhm agus Tuairisc

Eagarthóirí: Tadhg Ó hIfearnáin agus Máire Ní Neachtain

Cois Life Teoranta
Baile Átha Cliath
Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
Is le cabhair deontais i gcomhair tograí Gaeilge a d’íoc An tÚdarás um Ard-Oideachas trí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a foilsíodh an leabhar seo.
An chéad chló 2012 © na húdair
ISBN 978-1-907494-25-3
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Clódóirí: Brunswick Press
www.coislife.ie
Brollach

1. Ábhar gabhlánach léinn is ea an staidéar ar urlabhra an duine. Is féidir sa staidéar sin díriú ar cheisteanna atá an-fhada ó chéile i bpraitic agus i dteoiric, mar atá: conas a shealbhaíonn an duine óg a chumas urlabhra? conas tá an acmhainn urlabhra sin feistithe san inchinn? conas a fheidhmítear an acmhainn urlabhra sin sa chaidreamh idir daoine? cén coibhneas atá le haithint idir urlabhra pobail agus gnéithe eile de chultúr an phobail sin? conas is eolaíochtúla is féidir cuntas mínitheach a thabhairt ar fhoirmeacha ar leith den urlabhra, i.e. ar theangacha difriúla, nó ar a mbaineann leis an urlabhra i gcoitinne mar chóras comharthaíochta? conas a bhíonn urlabhra pobail ag síorchlaochlú le haimsir?
Ní hé amháin nach bhfuil d’acmhainn ag aon scoláire lánmháistreacht a fháil ar na gnéithe sin go léir den staidéar ar an urlabhra, ná ar ghnáthamh iomlán aon phobail teanga ar leith, ach níl aon mhodheolaíocht ann, ná teoiric mhínitheach, a fhreastalaíonn orthu go léir i dteannta a chéile. Brainsí léinn atá a bheag nó a mhór neamhspleách ar a chéile faoi láthair is ea iad.
D’áiteodh scoláirí áirithe, áfach, gurb é an staidéar ar ghnáthamh na hurlabhra i bpobal, i.e. an tsochtheangeolaíocht agus an tsocheolaíocht teanga, is lárnaí agus is bunusaí de na brainsí léinn go léir a bhaineann leis an urlabhra dhaonna, mar gur laistigh de phobal a shealbhaíonn an duine óg a chumas urlabhra, agus gur laistigh de phobal a chleachtann an cumas sin i gcaitheamh a shaoil ina dhiaidh sin. Is sa chaidreamh sóisialta laistigh de phobal a bhíonn an urlabhra á réalú. Ina éagmais sin, ní hann do theanga, nó, ar an gcuid is fearr de, ní bhíonn inti ach cód marbh comharthaíochta. Cibé acu a ghlacfaí gan agús leis an tuairim sin, nó nach nglacfaí, ní mór a aithint gurb ábhar fairsing scóipiúil is ea a mbaineann leis an tsochtheangeolaíocht inti féin. Baineann léi gach gné de ghnáthamh na hurlabhra i bpobal, mar atá: cad iad na difríochtaí urlabhra a dhealaíonn aicmí difriúla, nó ceantair dhifriúla, ó chéile? cad iad na feidhmeanna a bhíonn ag cineálacha difriúla den urlabhra, bíodh canúintí d’aon teanga amháin nó ilteangachas i gceist? Má bhíonn foirm chaighdeánta teanga, i.e. foirm os-aicmeach nó osréigiúnach, ag pobal, cad iad na difríochtaí feidhme agus stádais a bhíonn idir í agus foirmeacha eile? cad iad na socruithe polasaí a dhéanann údaráis phoiblí faoi fhoirmeacha ar leith a aithint sa saol poiblí, sa chumarsáid fhorleathan, agus san oideachas coiteann? cén dearcadh a bhíonn ag an bpobal i gcoitinne, agus ag aicmí ar leith den phobal, ar na nithe sin go léir?
Is é cuspóir na sochtheangeolaíochta freagraí críochnúla a thabhairt, ar bhonn teoirice comhaontaithe, agus ag tagairt do phobail dhifriúla, ar an raon sin ceisteanna.
2. Den chéad uair anois, sa leabhar seo i nGaeilge, tá iarracht údarásach tugtha ar an raon iomlán sin a thuairisciú agus a mhíniú, ag tagairt go háirithe do chás na Gaeilge: tá sainmhíniú léir ar an raon i gcoitinne ag Steve Coleman, agus cuntas beacht dá réir aige ar bhunchatagóirí tuarascála na sochtheangeolaíochta nua-aimseartha; tá plé géarchúiseach ag Conchúr Ó Giollagáin ar an gcoibhneas idir teanga agus cultúr, ar chlaochlú teangacha, go háirithe ar an gclaochlú meathlach atá ag dul faoi láthair ar staid shóisialta na Gaeilge sna pobail Ghaeltachta, agus ar na cineálacha dátheangachais phoiblí atá ar fáil ina measc; ag teacht go caoithiúil leis sin, is ar an dátheangachas pobail, murab ionann agus an duine aonair a bheith inniúil ar ilteangacha a fhoghlaim, atá dea-chuntas scoláiriúil ag Máire Ní Neachtain; ag leanúint go nádúrtha as sin, tá plé lánspéise ag Siobhán Ní Laoire ar chleachtas fáilí cainteoirí Gaeilge agus iad ag malartú idir Gaeilge agus Béarla ina ngnáthchaidreamh sóisialta; ag teacht leis sin arís, tá léiriú corraitheach ag Brian Ó Catháin ar lagú na Gaeilge laistigh den ghnáthamh dátheangach i bpobail Ghaeltachta na haimsire seo, agus ar shealbhú na Gaeilge dá dheascaibh sin gan a bheith iomlán feasta i measc na n-óg; is é an scéal céanna ó sheasamh eile atá ag Brian Ó Curnáin ina chuntas údarásach ar chanúintí, an ghné den staidéar ar inathraitheacht na hurlabhra is faide á cothú, ón uair a d’eascair sí sa naoú haois déag ón teangeolaíocht stairiúil, ach ar cuid riachtanach den tsochtheangeolaíocht nua-aimseartha chomh maith í; gné eile atá tábhachtach ó thaobh na Gaeilge de is ea an comhcheangal idir an cleachtas urlabhra agus staid eacnamaíoch an phobail, agus a threise nó a mhalairt a bhíonn a mbraistintí faoina sainiúlacht chultúrtha, agus is gné í sin atá á míniú go críochnúil ag Pádraig Ó Riagáin, maille le lánchuntas ar an gclaochlú atá dulta le tréimhse ar mheon mhórphobal na hÉireann i leith na Gaeilge.
Cuid de réimse na sochtheangeolaíochta is ea na socruithe a dheineann údaráis phobail go feasach agus d’aon ghnó faoi chleachtas urlabhra, agus tá cuntas ar an ngné sin de shochtheangeolaíocht na Gaeilge go paiteanta sa leabhar seo chomh maith, mar a leanas: tá cuntas beacht críochnúil ag Tadhg Ó hlfearnáin ar an bpleanáil teanga, mar a gcuireann údaráis stáit chun stádas sóisialta teangacha a athrú, nó gnás teangacha, e.g. sa téarmaíocht nó sa norm gramadaí, a leasú; ag teacht leis sin, tá plé glinn ag Pádraig Ó Laighin ar stair na reachtaíochta i leith na Gaeilge, ón seanreacht nuair ba thoirmeasc ar an teanga an cuspóir, go dtí an nua-thréimhse nuair ba neartú léi a theastaigh, agus léiríonn ar a éifeachtaí nó a neamhéifeachtaí a bhí na hiarrachtaí difriúla sin; leanann John Walsh go cumasach den scéal sin sa nua-thréimhse lena chuntas ar na hiarrachtaí a deineadh sa stát neamhspleách chun líomatáiste na Gaeltachta a shainiú, agus ar na hiarrachtaí poiblí eile a thagann faoina théarma ‘rialachas teanga’; tá míniú críochnúil ag Helena Ní Ghearáin ar na feidhmeanna a bhíonn ag caighdeán osréigiúnach i dteanga agus ar na hiarrachtaí a deineadh go hoifigiúil chun caighdeán a bhunú sa Nua-Ghaeilge, ar a laghad sa teanga scríofa, agus ar na constaicí a tharla roimh an gcuspóir sin de dheascaibh staid shóisialta na Gaeilge a bheith chomh lag; cuid bhunúsach den bheartaíocht stáit, gan amhras, is ea na treoracha a thugtar faoi theangacha san oideachas, agus tá cuntas saineolgaiseach ag Muiris Ó Laoire ar na polasaithe a ceapadh, agus ar na socruithe a deineadh, faoi churaclaim Ghaeilge sa stát neamhspleách, agus conas mar a d’éirigh dóibh; is gnách polasaithe a bheith ag stát faoi fheidhmiú na meán craolta, i.e. raidió agus teilifís, agus faoina ngnás teanga san áireamh, agus tá plé láneolgaiseach air sin, ag tagairt go háirithe dár bhain le Gaeilge sa chraoltóireacht sa stát seo, ag Iarfhlaith Watson, agus léiríonn go raibh de mháchail ar a lán de na socruithe ar son na Gaeilge gur díríodh an iomarca ar fhoghlaimeoirí, sa tslí gur mhian le hÉamon de Valera sa bhliain 1945 gur ‘i gcanúint a thaithneodh le Béarlóirí’ a bheadh cláracha Gaeilge, gan beann ar an bpobal dúchais a chothú; ar deireadh, is ábhar riachtanach spéise sa tsochtheangeolaíocht na heagraíochtaí tacaíochta a bhíonn ag obair ar son teangacha, go tuisceanach uaireanta agus uaireanta go neamhthuisceanach, i gcás mórtheangacha chomh maith le mionteangacha atá i mbaol a ndíothaithe, agus tá cuntas máistriúil anseo, ó thaithí chuimsitheach, ag Peadar Ó Flatharta ar a raibh, agus go háirithe ar a bhfuil, de phríomheagraíochtaí Gaeilge ann, agus conas atá éirithe leo.
3. Ní miste a aithint, de réir mar a neartaigh leis an athréimniú ar léann na Gaeilge san fhichiú céad, gur tugadh aird ar leith ar urlabhra ghnáthphobal na Gaeltachta. Tharla sin de thoradh na hargóna faoi chaint na ndaoine a bheith buaite agus, ina theannta sin, toisc go raibh fós sa nua-theanga fianaise faoi cheartfhuaimniú na Sean-Ghaeilge ba shuim le scoláirí na hlnd-Eorpaise. I gcoitinne, dá bharr sin, ba mhó go mór an plé a bhíodh ag scoláirí Gaeilge le gach gné den teanga labhartha, agus lena hilghnéitheacht gnáthaimh, go deimhin le cuid mhór den raon ábhair is spéis le sochtheangeolaithe san aimsir dhéanach, ná a bhíodh coitianta ag a gcomhscoláirí sa Bhéarla ná sna nua-theangacha. Ba shocheolaithe maithe teanga a lán acu, fiú murarbh eol dóibh féin é. Is mithid le fada, áfach, go gcuirfí bonn dearfa dea-eagair faoin gcuid thábhachtach sin de léann na Gaeilge, agus tá sin déanta go galánta anseo anois ag Tadhg Ó hlfearnáin agus ag Máire Ní Neachtain, agus ag na scoláirí ábalta eile a bhfuil aistí in eagar acu uathu. Ní baol nach mbeidh lucht páirte na Gaeilge lánbhuíoch díobh uile as a saothar díograiseach.
Máirtín Ó Murchú
Na hÚdair
Steve Coleman
Tá Steve Coleman ina léachtóir le hantraipeolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá taighde déanta aige ar stair agus ar chultúr na Gaeltachta. Bhain sé céim PhD amach san Antraipeolaíocht Teangeolaíochta ó Ollscoil Chicago, agus tá roinnt alt scríofa aige ar chultúir urlabhra, ar cheol agus ar chuimhne shóisialta in Éirinn.

Helena Ní Ghearáin
Rinne Helena Ní Ghearáin PhD in Ollscoil Luimnigh. Dhírigh a tráchtas ar dhinimicí inghlacthachta na pleanála oifigiúla téarmaíochta i measc phobal urlabhra na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá suim ar leith aici sa bheartas teanga agus i gceisteanna údaráis agus idé-eolaíochta sa bhainistíocht teanga. Tá roinnt alt léi foilsithe ar chúrsaí téarmaíochta sa Ghaeilge.

Siobhán Ní Laoire
Léachtóir le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath í Siobhán Ní Lao

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents