Éagóir
152 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Éagóir , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
152 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Insint líofa léir atá in Éagóir ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile. Níl críoch fós le hiarmhairtí an tsléachta sin agus ní bheidh fad a mhaireann daoine a chreideann go bhfuil admháil oifigiúil tuillte i gcónaí i gcás go n-aithnítear éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais.Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair.


Sujets

Informations

Publié par
Date de parution 15 mars 2017
Nombre de lectures 0
EAN13 9781912134717
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0600€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Éagóir
Maolra Seoighe agus dúnmharaithe Mhám Trasna
Seán Ó Cuirreáin
Sonraíocht CIP Leabharlann na Breataine. Tá taifead catalóige i gcomhair an leabhair seo ar fáil ó Leabharlann na Breataine.

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2016 © Seán Ó Cuirreáin
ISBN 9781907494611
eISBN 9781912134717
Clúdach agus dearadh: Alan Keogh
Íomhánna clúdaigh le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus le caoinchead na Cartlainne Náisiúnta
Grianghraf clúdaigh chúil le caoinchead Sheáin Uí Mhainnín
Léarscáil chlúdaigh laistigh cóirithe ag Ciarán Ó Súilleabháin
Clódóirí: Nicholson & Bass
Clár
Clár na Léaráidí
Réamhrá
Ár agus Uafás
1 Idir bás is beatha
2 Scéin agus sceimhle
3 Cúis, cumas agus deis
4 Aistear an uafáis
5 Coimhlint na gcomharsan
6 Cor sa chinniúint
Breithiúnais agus Pianbhreitheanna
7 Bualadh bos sa chúirt
8 Ocht nóiméad machnaimh
9 Cén lá a chrochfar mé?
10 Impí ar Dhia na Glóire
11 Deora goirte na fírinne
12 Caithfear géilleadh don dlí
13 Feicfidh mé Íosa Críost ar ball
Aithrí agus Athbhreithniú
14 Aiféala i láthair an Ardeaspaig
15 Fiosrúchán nár tharla
16 Feisire Parlaiminte ina iriseoir
17 Vótaí cinniúnacha
18 Scór bliain faoi ghlas
Iarfhocal
Clár na Léaráidí
An chéad teileagram faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna, 18 Lúnasa 1882. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Ballóga tí i gCeapaigh na Creiche faoi scáth Chnoc Mhám Trasna. Le caoinchead an údair.
Ceantar Mhám Trasna. Le caoinchead Sheáin Uí Mhainnín.
Iarratas ó Antoine Mac Philibín le bheith ina bhrathadóir. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Antoine Mac Philibín. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Iarratas ó Thomás Ó Cathasaigh le bheith ina bhrathadóir. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Tomás Ó Cathasaigh. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Pádraig Seoighe. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Pádraig Shéamuis Ó Cathasaigh. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Maolra Sheáin Seoighe. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Micheál Ó Cathasaigh. (Tá an t-ainm mícheart, John Casey, breactha air sa bhailiúchán a bronnadh ar an Leabharlann Náisiúnta). Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Páidín Sheáin Seoighe. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Máirtín Sheáin Seoighe. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Tomás Seoighe. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Seáinín Beag Ó Cathasaigh. (Tá an t-ainm mícheart, Michael Casey, breactha air sa bhailiúchán a bronnadh ar an Leabharlann Náisiúnta). Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Litir ó Bhrighid, bean chéile Mhaolra Sheáin Seoighe, 11 Nollaig 1882. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Faoistin Phádraig Seoighe, Príosún na Gaillimhe, 13 Nollaig 1882. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Faoistin Phádraig Shéamuis Uí Chathasaigh, Príosún na Gaillimhe, 13 Nollaig 1882. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Freagra ar achainí gan Maolra Sheáin Seoighe a chrochadh, 14 Nollaig 1882. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Admháil ó Governor George Mason ar an diúltú don achainí, 15 Nollaig 1882. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Litir ó Shirriam na Gaillimhe ag iarraidh ar William Marwood teacht go Gaillimh. Le caoinchead Lincolnshire Archives.
Teileagram ón Iarla Spencer chuig Gobharnóir Phríosún na Gaillimhe, 15 Nollaig 1882. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
John Poyntz Spencer, 5th Earl Spencer (le George Charles Beresford). © National Portrait Gallery, London.
William Marwood, an crochadóir. Le caoinchead Lincolnshire Archives.
Maolra Sheáin Seoighe. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Teastas ó fhinnéithe gur crochadh an triúr príosúnach. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Deimhniú ó ghobharnóir an phríosúin gur crochadh an triúr fear. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Cinneadh an Choiste Cróinéara ar chúinsí bhás Phádraig Shéamuis Uí Chathasaigh. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Cinneadh an Choiste Cróinéara ar bhás Mhaolra Sheáin Seoighe. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Timothy Harrington (le John Butler Yeats). Le caoinchead Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath/Dublin Civic Portrait Collection.
Seáinín Beag Ó Cathasaigh sa phríosún. Bhásaigh sé ann in 1900. An Chartlann Náisiúnta (Con/PEN/1900/118 – John Casey).
Taifead ar chinneadh an rialtais na príosúnaigh a shaoradh, 13 Deireadh Fómhair 1902. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
An t-ordú oifigiúil le Tomás Seoighe a shaoradh, Deireadh Fómhair 1902. An Chartlann Náisiúnta, CRF 1902 J 13 (Maamtrasna).
Páidín Sheáin Seoighe, portráid phríosúin, 1902. An Chartlann Náisiúnta (Con / PEN 1902/69 – Patrick John Joyce).
Máirtín Sheáin Seoighe, portráid phríosúin, 1902. An Chartlann Náisiúnta (Con / PEN 1902/68 – Martin Joyce).
Tomás Seoighe, portráid phríosúin, 1902. An Chartlann Náisiúnta (Con / PEN 1902/70 – Thomas Patrick Joyce).
Uaigh na Seoigheach. Le caoinchead an údair.
An Tiarna Alton ag leagan bláthfhleasc san áit ar crochadh Maolra Sheáin Seoighe. Le caoinchead Joe O’Shaughnessy, The Connacht Tribune.
An Tiarna Alton, an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín, le Johnny Joyce, Gaillimh 2012. Le caoinchead Sheáin Uí Mhainnín.
Crann anois ar láthair an uafáis. Le caoinchead an údair.
Réamhrá
Insint shimplí, chruinn atá sa leabhar seo ar scéal casta faoi eachtra staire a mhaireann go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sé. Fágann macalla na héagóra a tharla ann go bhfuil an cás ina cheist bheo go dtí an lá inniu i measc polaiteoirí áirithe agus daoine ar spéis leo cearta an duine.
Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil daoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle.
Le dúnmharuithe barbartha a tharla i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thosaigh an scéal; níl críoch fós leis agus ní bheidh fad is a mhaireann daoine a chreideann gur cheart go mbeadh admháil oifigiúil i gcónaí san áit go n-aithnítear gur tharla éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais.
Réab fiántas an tsléachta trí chiúnas an ghleanna sin faoi scáth Chnoc Mhám Trasna; d’fhág an bealach ar láimhseáil na húdaráis dlí agus cirt an cás a rian féin ar an bpobal in Éirinn agus sa Bhreatain ag an am. Bhí a thoradh le brath in árais na cumhachta i bParlaimint Westminster agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ar na pearsana móra i saol polaitiúil na linne a bhí gafa leis bhí William Ewart Gladstone, Charles Stewart Parnell, An tIarla John Poyntz Spencer, an Tiarna Randolph Churchill, Sir William Harcourt, John Redmond, Tim Healy agus an Bhanríon Victoria féin fiú. Mhair aird na n-uaisle agus na bunaíochta ar an gcás ar feadh seal blianta; mhair sé mar ábhar fuatha agus feirge ó ghlúin go glúin i measc an phobail féin i Mám Trasna agus sna ceantair máguaird.
Chuir mé féin suim sa scéal ar dtús de bharr na ngnéithe sin den chás a bhain le séanadh ar chearta teanga – cainteoirí dúchais Gaeilge ón nGaeltacht gan acu ach oiread na fríde de theanga na n-údarás, an Béarla; bhí siad gafa sa saol strainséartha sin, idir bás agus beatha, iad ag streachailt le teanga choimhthíoch i dtromluí coiriúlachta nach raibh aon éalú as. Bhí séanadh ar chearta an duine agus ar an gceart chun na beatha féin i gceist ar scála mór.
Tá an t-eolas sa leabhar seo bunaithe ar iliomad foinsí. Tá bailiúchán breá comhad faoin ábhar sa Chartlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath. Is ansin atá na taifid oifigiúla ar na cásanna cúirte, na tuairiscí príosúin agus comhfhreagras oifigiúil na n-údarás faoin gcás; is mór agam an cead a tugadh cóipeanna scanta de chuid de na taifid sin a fhoilsiú den chéad uair sa leabhar seo. I seilbh na Leabharlainne Náisiúnta, Baile Átha Cliath, atá na pictiúir de na príosúnaigh; tá cuid acu sin á bhfoilsiú anseo i leabhar den chéad uair freisin le caoinchead na leabharlainne sin.
Tá na díospóireachtaí ar fad a tharla i bParlaimint Westminster faoi chás Mhám Trasna in imeacht na mblianta foilsithe in Hansard , taifead oifigiúil, laethúil na parlaiminte. Tá athscríbhinn ansin ar suas le 130,000 focal – dhá oiread an leabhair seo – ar an dá phríomhdhíospóireacht pharlaiminteacha faoin gcás; tá an taifead sin ar fáil go digiteach anois, saor in aisce ar líne.
Tá fáil anois go digiteach freisin ar chuid mhór de nuachtáin na tíre seo, idir áitiúil agus náisiúnta, ón tréimhse sin, ina bhfuil tuairiscí faoi gach cor agus casadh sa scéal. Thug The Freeman’s Journal , United Ireland , The Irish Times agus The Belfast News-Letter suntas ar leith do shléacht Mhám Trasna. Go háitiúil, bhíodh cuntais rialta ar an scéal ag The Connaught Telegraph , The Galway Vindicator agus The Galway Express .
Sa Bhreatain, bhíodh tuairiscí rialta freisin ag na nuachtáin éagsúla ansin; sa bhreis ar na cuntais sna nuachtáin mhóra ar nós The Times (Londain) tá fáil ar suas le 2,600 alt faoi chás Mhám Trasna le linn na tréimhse trí bliana idir 1882 agus 1885 ar shuíomh gréasáin amháin de shean-nuachtáin stairiúla na Breataine, www.findmypast.co.uk . Is cosúil gur trí thuairiscí ón Press Association (PA) a dáileadh cuid mhór de na scéalta sin ag an am. Scaipeadh iliomad scéalta faoin ábhar freisin i meáin Mheiriceá agus bhí tuairiscí líonmhara in The New York Times agus in The Boston Daily Globe , ní áirím na nuachtáin bheaga áitiúla agus réigiúnacha i stáit ina raibh pobail mhóra d’Éireannaigh.
Is mór an cúnamh d’aon duine a bheadh i mbun taighde ar an ábhar chomh héasca agus is féidir cuardach a dhéanamh anois ar líne sa ré

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents