Hurlamaboc
67 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Hurlamaboc , livre ebook

-

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
67 pages
Irish

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

NOTE: This book is in the Irish language only; no English translation accompanies the Irish language text. The adventures of three teenagers living in the Dublin suburbs - Ruán, Emma and Colm. All neighbours of the same age but with different personalities, backgrounds, and social class, preparing for the Leaving Cert. An accident turns everything on its head. They get to know one another better and after all the hurlamaboc (''upheaval'') have grown and developed.

Every teenager will recognise Rúan, Emma and Colm. They will enjoy their company as they grow through their adventures. The book offers an insight into the social prejudices and bigotry in Ireland today. This is a readable, inspiring and humorous Irish-language novel which will be enjoyed by all, young and old alike.


Informations

Publié par
Date de parution 01 janvier 2006
Nombre de lectures 0
EAN13 9781908057686
Langue Irish

Informations légales : prix de location à la page 0,0360€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

hurlamaboc
Éilís Ní Dhuibhne
 
 
COIS LIFE TEORANTA BAILE ÁTHA CLIATH
Saothair eile leis an údar céanna:
Drámaí Milseog an tSamhraidh agus Dún na mBan trí thine Cois Life, 1997
Úrscéalta Dúnmharú sa Daingean Cois Life, 2000. An tríú cló, 2002.
Cailíní Beaga Ghleann na mBláth Cois Life, 2003
 

Tá Cois Life buíoch de Bhord na Leabhar Gaeilge agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
An chéad chló 2006 © Éilís Ní Dhuibhne
ISBN 1 901176 62 2
Clúdach agus dearadh: Gobnait Ní Néill
Clódóirí: Betaprint
www.coislife.ie
hurlamaboc
1    Fiche bliain faoi bhláth
2    Togha agus rogha
3    An chóisir
4    Saor
5    An siopa
6    Hurlamaboc
7    A scéal féin
8    Cnag ar an doras
9    Ciontach
10  Ar scáth a chéile
11  Trasna na dtonnta
12  Sa nuacht
13  Cnag eile ar an doras
14  Bangor
15  Grá máthar
16  Thugamar an samhradh linn
17  Sonas
18  An tríú cnag
1
Fiche bliain faoi bhláth
RUÁN
Fiche bliain ó shin a pósadh Lisín agus Pól.
Bheadh an ócáid iontach á ceiliúradh acu i gceann seachtaine. Bhí an teaghlach ar fad ag tnúth leis. Sin a dúirt siad, pé scéal é.
‘Beidh an-lá go deo againn!’ a dúirt Cú, an mac ab óige. Cuán a bhí air, i ndáiríre, ach Cú a thugadar air go hiondúil. Bhí trí bliana déag slánaithe aige.
‘Beidh sé cool ,’ arsa Ruán, an mac ba shine. Ocht mbliana déag a bhí aige siúd. Níor chreid sé go mbeadh an chóisir cool , chreid sé go mbeadh sé crap . Ach bhí sé de nós aige an rud a bhí a mháthair ag iarraidh a chloisint a rá léi. Bhí an nós sin ag gach duine.
Agus bhí Lisín sásta. Bhí a fhios aici go mbeadh an ceiliúradh go haoibhinn, an fhéile caithréimeach, mar ba chóir di a bheith. Caithréim a bhí bainte amach aici, dar léi. Phós sí Pól nuair nach raibh ann ach ógánach anabaí, gan maoin ná uaillmhian. Ag obair i siopa a bhí sé ag an am. Ise a d’aithin na féidearthachtaí a bhí sa bhuachaill aineolach seo. Agus anois fear saibhir, léannta a bhí ann, fear a raibh meas ag cách air, ardfhear. Teach breá aige, clann mhac, iad cliste agus dathúil.
Bhí a lán le ceiliúradh acu.
Maidir leis an gcóisir féin, bhí gach rud idir lámha aici - bhí sí tar éis gloiní agus fíon a chur ar ordú sa siopa fíona; bhí an reoiteoir lán le pióga agus ispíní agus bradán agus arán lámhdhéanta den uile shórt. Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici - is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b’in an saghas í - agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe. Rudaí milse den chuid is mó de, agus rudaí nach raibh milis ach nach raibh i Reoiteoir a hAon. Dá mbeadh an lá go breá bheadh an chóisir acu amuigh sa ghairdín, agus bhí boird agus cathaoireacha le fáil ar iasacht aici ó na comharsana. Agus mura mbeadh an lá go breá bhí an teach mór go leor do na haíonna ar fad. Bhí gach rud ann glan agus néata agus álainn: péint nua ar na ballaí, snas ar na hurláir, bláthanna sna prócaí.
Mar a bhí i gcónaí, sa teach seo. Teach Mhuintir Albright. Teach Lisín.
Bean tí den scoth a bhí i Lisín. Bhí an teach i gcónaí néata agus álainn, agus ag an am céanna bhí sí féin néata agus álainn. De ghnáth is rud amháin nó rud eile a bhíonn i gceist ach níorbh amhlaidh a bhí i gcás Lisín.
‘Ní chreidfeá go raibh do mháthair pósta le fiche bliain,’ a dúirt an tUasal Mac Gabhann, duine de na comharsana, le Ruán, nuair a tháinig sé go dtí an doras lá amháin chun glacadh leis an gcuireadh chuig an chóisir. ‘Agus go bhfuil stócach mór ar do nós féinig aici mar mhac! Tá an chuma uirthi gur cailín óg í’.
‘ Yeah, ’ arsa Ruán, gan mórán díograise. Ach b’fhíor dó. Bhí an chuma ar Lisín go raibh sí ina hógbhean fós. Bhí sí tanaí agus bhí gruaig fhada fhionn uirthi. Bhuel, bhí an saghas sin gruaige ar na máithreacha go léir ar an mbóthar seo, Ascaill na Fuinseoige. Bóthar fionn a bhí ann, cé go raibh na fir dorcha: dubh nó donn, agus, a bhformhór, liath. Ach ní raibh gruaig liath ar bhean ar bith, agus rud ab iontaí fós ná sin ní raibh ach bean amháin dorcha ar an mbóthar - Eibhlín, máthair Emma Ní Mhurchú. Ach bhí sise aisteach ar mhórán bealaí. Ní raibh a fhios ag aon duine conas a d’éirigh léi teach a fháil ar an mbóthar. Bhí na mná eile go léir fionn, agus dathúil agus faiseanta, b’in mar a bhí, bhí caighdeán ard ar an mbóthar maidir leis na cúrsaí seo, ní bheadh sé de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smidiú ar a haghaidh, agus éadaí deasa uirthi. Fiú amháin agus iad ag rith amach leis an mbruscar bhíodh gúnaí oíche deasa orthu, agus an ghruaig cíortha go néata acu, ionas go dtuigfeadh na fir a bhailigh an bruscar gur daoine deasa iad, cé nár éirigh siad in am don bhailiúchán uaireanta. Ach bhí rud éigin sa bhreis ag Lisín orthu ar fad. Bhí sí níos faiseanta agus níos néata ná aon duine eile. I mbeagán focal, bhí sí foirfe.
Lig Ruán osna ag smaoineamh uirthi. Bhí grá aige dá mháthair. Níor thuig sé cén fáth gur chuir sí lagmhisneach air an t-am ar fad, nuair nár thug sí dó ach moladh. Moladh agus spreagadh.
‘Inseoidh mé di go mbeidh tú ag teacht. Beidh áthas uirthi é sin a chloisint.’ Dhún sé an doras, cuibheasach tapa. Bhí rud éigin faoin Uasal Mac Gabhann a chuir isteach air. Bhí sé cairdiúil agus gealgháireach, agus ba mhinic grinnscéal de shaghas éigin aige. Ach bhí súile géara aige, ar nós na súl a bhíonn ag múinteoirí. Fiú amháin agus é ag caint ag an doras bhí na súile sin ag stánadh ar Ruán, agus an chuma orthu go raibh x-ghathú á dhéanamh acu ar a raibh laistigh dá intinn agus ina chroí.

Bean thanaí, dhathúil, ghealgháireach, bean tí iontach, agus ag an am céanna bhí a lán rudaí eile ar siúl ag Lisín. Ní raibh post aici. Cén fáth go mbeadh? Bhí ag éirí go sármhaith le Pól; bhí sé ina léachtóir san ollscoil, i gcúrsaí gnó, ach ní sa chomhthéacs sin a rinne sé a chuid airgid, ach ag ceannach stoc ar an Idirlíon. Bhí sé eolach agus cliste agus ciallmhar, agus bhí raidhse mór airgid aige um an dtaca seo, agus é go léir infheistithe sa chaoi is nach raibh air mórán cánach a íoc. Bhí árasáin agus tithe aige freisin, anseo is ansiúd ar fud na hEorpa, agus cíos á bhailiú aige uathu.
Ní raibh gá ar bith go mbeadh Lisín ag dul amach ag obair. Mar sin d’fhan sí sa bhaile, ach bhí sí gnóthach, ina ball de mhórán eagraíochtaí agus clubanna: clubanna a léigh leabhair, clubanna a rinne dea-obair ar son daoine bochta, clubanna a d’eagraigh léachtaí ar stair áitiúil agus geolaíocht áitiúil agus litríocht áitiúil, agus faoi conas do ghairdín a leagan amach ionas go mbeadh sé níos deise ná gairdíní na gcomharsan nó do theach a mhaisiú ionas go mbeadh do chairde go léir ite le formad. Murar leor sin, d’fhreastail sí ar ranganna teanga - Spáinnis, Rúisis, Sínis, Seapáinis. Bhí suim aici i scannáin agus i ndrámaí. Ní raibh sí riamh díomhaoin agus ba bhean spéisiúil í, a d’fhéadfadh labhairt ar aon ábhar ar bith faoin ngrian. Dáiríre.
2
Togha agus rogha
Cad faoi Ruán?
An laoch. An príomhcharachtar sa scéal seo.
Níl mórán le rá faoi.
Bhí sé chun an Ardteist a dhéanamh i gceann míosa. Mac léinn maith ab ea é - bheadh sé deacair gan a bheith i do mhac léinn maith sa teach seo, gach áis agat chun staidéir agus gach spreagadh á fháil agat. Bhí sé cumasach i mbun gach rud ach an t-aon ábhar a raibh sé i ngrá leis ná an ealaín.
Theastaigh uaidh cur isteach ar áit i gcoláiste ealaíne.
Ach ní dhearna. An chéad rogha a bhí scríofa síos aige ná cúrsaí gnó. An dara rogha a bhí aige ná Ríomhaireacht agus innealtóireacht sa tríú háit. Bhí a fhios aige, áfach, nach raibh sé maith go leor chun áit a fháil san NCAD. Sin a dúirt Lisín.
‘Ní bhfaighidh tú áit ann,’ a dúirt sí. ‘Ach cuir isteach air más mian leat. Tabhair seans duit féin. Tá an-chuid oibre i gceist le pórtfóilió a ullmhú agus cuirfidh sé isteach ar na hábhair eile agat, ach tabhair faoi más mian leat.’
Rinne sé lagiarracht an pórtfóilió a ullmhú ach d’éirigh sé as agus ar deireadh thiar thall níor chuir sé aon iarratas isteach.
Bhí Lisín breá sásta.
‘Ní haon cháilíocht cheart é,’ a dúirt sí. ‘Caithfidh tú slí bheatha a bheith agat agus cén saghas shlí bheatha é a bheith i d’ealaíontóir?’
Ní hiad sin na focail a d’úsáid sí. Bhí sí i bhfad róchneasta agus róchiallmhar chun aon ní borb a rá, go háirithe faoi chúrsaí ealaíne. Bhí sí i gcónaí ag rá go raibh ardmheas aici ar an ealaín, agus gach rud a bhain léi, pictiúir agus leabhair agus drámaí agus scannáin. Rinne sí freastal ar an opera aon uair a bhí ceoldráma ar siúl sa chathair agus d’éist sí le Lyric FM nuair a bhí sí ag tiomáint timpeall sa jíp a bhí aici. Bhí deich bpictiúr, agus iad deartha ag ealaíontóirí óga, ar crochadh i seomraí ar fud an tí - infheistíochtaí, ar ndóigh, ach bhí grá, fíorghrá, ag Lísín do na pictiúir sin. Agus bhí sí ina ball den Institiúid Scannán i mBarra an Teampaill agus d’fhreastail sí air anois is arís - bhuel, uair amháin sa bhliain ar a laghad. Bhí ardmheas aici ar na daoine a chruthaigh na pictiúir agus na scannáin agus na leabhair freisin.
Ach slí bheatha chontúirteach a bheadh ann, a bheith i d’ealaíontóir proifisiúnta.
Nárbh fhearr i bhfad gairm cheart a bheith agat, mar fhear gnó, nó fear ríomhaireachta, nó múinteoir fiú amháin, cosúil le Pól, cé nár mhúinteoir é Pól ach léachtóir, bheadh sé ina ollamh sula i bhfad, bhí difríocht ann… Dá mba rud é go raibh paisean agat don ealaín dhéanfá é pé scéal é, mar chaitheamh aimsire agus b’fhéidir ansin…Bhí an ceart aici.
Mar ba ghnách.
Bhí sé ag súil gur BESS a gheobhadh sé. Ba bhreá leis féin, agus le Lisín, é a bheith i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé chomh hársa sin agus chomh gleoite agus bhí sé tar éis teacht amach ag barr an tábla sa Sunday Times . Bhí sé cóngarach don stáisiún DART agus don LUAS leis. An míbhuntáiste mór a bhain le UCD, a dúirt Lisín, ná go raibh sé fíordheacair dul ann. Sea, bhí na pointí íseal, den chuid is mó de (míbhuntáiste eile, más duine éirimiúil a bhí ionat). Bhí sé furasta dul ann ar an mbealach sin, ó thaobh na bpointí de, ach bhí sé deacair dul ann más modh taistil phoiblí a bhí á úsáid agat. Níor stop an DART ann, ná an LUAS. Nío

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents