Fuadach
51 pages
English

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris

Découvre YouScribe en t'inscrivant gratuitement

Je m'inscris
Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus
51 pages
English

Vous pourrez modifier la taille du texte de cet ouvrage

Obtenez un accès à la bibliothèque pour le consulter en ligne
En savoir plus

Description

Sceal bleachtaireachta faoi fhuadach paiste. Aicsean, eachtraiocht, nithe agus daoine as a riocht. Insint spreaguil bhriomhar. Aois 12+. A detective novel about a childSceal bleachtaireachta faoi fhuadach paiste leis an udar aitheanta Aine Ni Ghlinn. Aicsean, eachtraiocht, nithe agus daoine as a riocht. Insint spreaguil bhriomhar. Aois 12+. From acclaimed author Aine Ni Ghlinn comes a detective novel about a child's kidnapping. Action, adventure, and people in a spin. A provocative and lively story. Age 12+. 's kidnapping. Action, adventure, people and objects in a spin. A provocative and lively story. Age 12+.

Informations

Publié par
Date de parution 21 octobre 2017
Nombre de lectures 0
EAN13 9781912134663
Langue English

Informations légales : prix de location à la page 0,0350€. Cette information est donnée uniquement à titre indicatif conformément à la législation en vigueur.

Extrait

Do Louis, Sheán, Niall agus Chonall

Tá Cois Life buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge
(Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon as a gcúnamh.
Foilsithe den chéad uair 2005 ag Cois Life
An dara cló 2007
An tríú cló 2010
An ceathrú cló 2018
© Áine Ní Ghlinn
ISBN 978-1-901176-55-1
Clúdach agus dearadh: Eoin Stephens
Clódóirí: Turners Printing Co. Ltd.
www.coislife.ie
Table of Contents
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
1
‘Conchita Diaz del pé sloinne aisteach eile atá uirthi! Conchita friggin Diaz!’
Chaith Aoife a mála scoile ar urlár sheomra na gcótaí agus bhuail cic air.
‘Conchita seo! Conchita siúd! Níl sé féaráilte. Ise a roghnaítear i gcónaí. Cuma cad a bhíonn ar siúl.’
Tharraing a cara Niamh a cóta den chrúca.
Bhí sí féin agus Aoife mór lena chéile óna gcéad lá ar scoil. Iad ina suí ag an mbord céanna, ordóg sa bhéal acu beirt agus iad ag breathnú go hamhrasach ar na strainséirí go léir a bhí thart orthu. Faoin am gur tháinig am lóin, áfach, bhí siad ag siúl timpeall chlós na scoile lámh i lámh a chéile, an dá chloigeann le chéile agus rúin mhóra an tsaoil á roinnt acu.
Bhí an cairdeas agus an dílseacht sin fós eatarthu, iad chomh láidir agus a bhí riamh, go háirithe nuair a cheap duine acu go raibh éagóir déanta ar an duine eile.
Chroch Niamh a cóta ar a leathghualainn – cóta a bhí ag a deirfiúr roimpi agus ise ag dul ar scoil. Ní bheadh a leithéid ag Conchita.
‘Breathnaigh uirthi! Gach uile rud ar domhan aici. Teach ollmhór. Na héadaí is deise. Na muincí is luachmhaire. Bí cinnte nach bhfaigheann sise éadaí dara lámh óna deirfiúr.’
Bhain Aoife croitheadh as a cloigeann.
‘Táim cinnte nach bhfaigheann. Agus bí cinnte go gceannaítear gach rud dá bhfuil aici sna siopaí is fearr.’
‘Sea,’ arsa Niamh. ‘Gach uile rud luachmhar, álainn, galánta. Gan rud ar bith de dhíth uirthi. An rud nach dtuigim ná …’
Stop sí i lár abairte. Tháinig smuilc uirthi agus í ag breathnú i dtreo an dorais.
Bhí grúpa beag cailíní tar éis siúl isteach i seomra na gcótaí. Cailín dorcha, dathúil ina measc. Ag a dó dhéag bhí sí ard dá haois, cúpla ceintiméadar níos airde ná aon duine eile sa ghrúpa. Dath na gréine fós le feiceáil ar a haghaidh cé go raibh sé imithe i léig beagáinín tar éis gheimhreadh na hÉireann. Áilleacht na Spáinne ag lonrú ina dá shúil a bhí chomh dorcha sin go raibh sé deacair a dhéanamh amach an raibh siad dubh nó donn.
Fiú san éide scoile bhí galántacht ag baint léi.
‘Comhghairdeas, a Chonchita,’ arsa duine den slua. ‘Déanfaidh tú jab iontach,’
Ní dúirt Conchita tada.
D’fhéach sí i dtreo Aoife agus Niamh. D’oscail sí a béal. Í ar tí rud éigin a rá. Níor thug Aoife seans di.
‘Fág seo, a Niamh!’ ar sise.
Rug siad beirt ar a málaí arís. Amach leo sa halla agus chas i dtreo an phríomhdhorais.
Lean súile Chonchita iad go dtí go raibh siad imithe as radharc. Lig sí osna agus chas i dtreo a cóta féin.
2
‘Fós ar buile?’
Phreab an bheirt chailíní. A gcairde, Cathal, Liam agus Conall a bhí ann.
‘Cén fáth nach mbeimis ar buile?’ arsa Niamh. ‘Nach bhfuil leath na scoile mar an gcéanna?’
Sheas Conall siar agus d’fhéach sé orthu go smaointeach. Ansin rug sé ar rosta Niamh, d’ardaigh sé a lámh chlé féin agus thosaigh ag breathnú ar a uaireadóir is é ag comhaireamh, cuisle Niamh á thomhas aige, mar dhea.
‘Hmm!’ ar seisean. ‘Mar a cheap mé!’
Thuig Cathal an cluiche láithreach.
‘Céard é, a dhochtúir? An bhfuil sí chun bás a fháil?’
‘Ní dóigh liom é,’ arsa Conall. ‘Ní go fóill ar aon nós.’
‘Céard é mar sin?’
D’fhéach Conall thar a ghualainn amhail is nár theastaigh uaidh go gcloisfí é. Ansin labhair sé i nguth íseal.
‘Táimse den tuairim go bhfuil an galar glas uirthi.’
Chas sé i dtreo Aoife ansin. D’fhéach sé go cúramach uirthi, iniúchadh á dhéanamh aige ar a gruaig fhada fhionn, ar a haghaidh. Rug sé ar lámh léi agus rinne iniúchadh uirthi sin freisin. Lig sé osna throm.
‘Orthu beirt, faraor!’
‘An galar glas?’ arsa Cathal agus é an–dáiríre mar dhea. ‘Céard é sin? Tinneas boilg, an ea?’
‘Ní hea,’ arsa Conall.
‘An bhruitíneach mar sin?’
Phléasc na buachaillí amach ag gáire. Ní raibh Aoife róshásta leo. Chuir sí smuilc uirthi féin.
‘Má tá éad orainn tá údar maith leis. Cé chomh minic is a bhí sise in Áras an Uachtaráin? Cé chomh minic is ar bhuail sí leis an Uachtarán cheana féin?’
Chuir Liam a mhéar lena bheola.
‘Sshh! Bí cúramach. Cloisfidh sí thú. Beidh sí amach inár ndiaidh.’
Ba chuma le hAoife. Cén fáth ar chóir di a guth a ísliú.
‘Má chuireann an fhírinne isteach uirthi ní ormsa atá an locht! Bí cinnte go gcroitheann sise lámh leis an Uachtarán gach dara seachtain ag na hócáidí galánta sin a mbíonn a hathair ag freastal orthu?’
‘Is dócha é,’ arsa Liam. ‘Seans maith gur minic a chaith sí dinnéar léi san Áras!’
Bhí siad go léir ciúin ar feadh cúpla soicind. Dinnéar in Áras an Uachtaráin! Níor tharla a leithéid d’aon duine acu riamh agus ba bheag seans a bhí ann go dtarlódh sa ghearrthéarma ar a laghad!
Ba é Cathal a bhris an tost.
‘Meas tú an mbíonn buirgéirí agus sceallóga acu san Áras?’
‘Cinnte,’ a d’fhreagair Conall. ‘Le citseap i mbuidéal dearg plaisteach.’
Chuir sé guth ardnósach air féin.
‘A ghiolla, ruainne beag citseap ar an sceallóg sin led thoil. Ní an ceann sin. An ceann eile sin ar chlé!’
Faoin am gur scar siad óna chéile ag an gcrosbhóthar bhí siad go léir sna trithí gáire – Aoife san áireamh!
3
Bhí Conchita an–chiúin sa rang an mhaidin dar gcionn. Fiú ag am sosa thug sí leabhar léi amach sa chlós agus shuigh sí léi féin is í ag léamh. Chuaigh cúpla duine dá dlúthchairde féin chun cainte léi ach ba léir nach raibh fonn cainte ná fonn spraoi uirthi.
Bhí trua ag Liam di.
‘Ní uirthi siúd atá an locht,’ a dúirt sé agus é ag baint plaic as a cheapaire. ‘Ní féidir leat do thuismitheoirí a roghnú. Ní ise a shocraigh go mbeadh ambasadóir aici mar athair.’
Bhí Liam ar dhuine de na daoine ba chiallmhaire sa rang agus thuig gach duine go maith go raibh an ceart aige. Ní raibh fonn ar Niamh géilleadh don fhírinne chomh héasca sin, áfach!
‘Meas tú an raibh aon chaimiléireacht i gceist sa chrannchur sin?’ a dúirt sí. ‘Tá sí dathúil. Tá sí uasaicmeach. B’fhéidir gur tharraing an máistir a hainm d’aon ghnó.’
‘Ná bí seafóideach,’ arsa Liam. ‘Ní dhéanfadh an máistir a leithéid.’
‘Ní dhéanfadh,’ arsa Aoife, ‘agus ní dhearna. Nach raibh mise ag cabhrú leis. Chuir mé féin na hainmneacha go léir isteach sa bhosca. Tá a fhios agam go raibh gach rud mar ba chóir.’
‘Sea … ach d’fhéadfadh sé a bheith ag breathnú orthu agus an t–ainm á tharraingt amach aige. Nó d’fhéadfadh nárbh é ainm Conchita a tharraing sé ach go ndúirt sé …’
Bhris Aoife isteach orthu.
‘Ní raibh sé ag breathnú ar na hainmneacha. Ní fhéadfadh sé é a dhéanamh. Níl aon cheist faoi. Bhí mise díreach in aice leis agus a lámh á cur isteach sa bhosca aige. Ní raibh sé ag breathnú ar an mbosca fiú. D’aon ghnó, bhí sé ag breathnú sa treo eile ar fad.’
‘Ach cad faoin smaoineamh eile a bhí ag Niamh?’ arsa Conall. ‘Go raibh ainm éigin eile ina lámh aige ach go ndúirt sé ainm Chonchita?’
D’fhéach Aoife idir an dá shúil air.
‘Bíonn mistéir á lorg agaibhse i gcónaí, nach mbíonn? Bhuel tá brón orm an uair seo ach níl aon mhistéir ann. Thaispeáin an máistir an t–ainm domsa sular ghlaoigh sé amach os ard é. Conchita a tarraingíodh. Caithfimid cur suas leis.’
‘Is dócha é,’ arsa Niamh. ‘Ach tar éis duitse an oíche cheana a chaitheamh ag scríobh óráide is á cleachtadh …’
Thug Aoife sonc uillinne di.
‘Tá brón orm,’ arsa Niamh. ‘Ní raibh sé de cheart agam é sin a rá.’
Bhí na buachaillí ag breathnú ar Aoife.
Dhearg sí.
‘Ná bí buartha,’ arsa Liam. ‘Ní déarfaimid tada. Nach bhfuil an ceart agam, a Chathail, a Chonaill?’
‘Béal faoi ghlas mar a bhíodh sna báibíní beaga,’ arsa Conall agus é ag ligean air go raibh sip á tharraingt trasna a bhéil aige!
‘Ar aon nós, ní tusa an t–aon duine a bhraith mar sin. Bhí chuile dhuine – idir bhuachaillí agus chailíní – ag súil go mór go ndéanfaí iad féin a tharraingt!’
‘Is dócha é,’ arsa Aoife. ‘Ní thuigim cén fáth go bhfuil an oiread sin díomá orm. Tá a fhios agam go bhfuil sé páistiúil ach bhí mé cinnte dearfa go dtiocfadh m’ainmse amach.’
‘Ná bí buartha,’ a dúirt Niamh. ‘Bhí mise mar an gcéanna. Bhíomar ar fad.’
‘Seachas mise!’ arsa Cathal go magúil. ‘Bheinnse róchúthaileach!’
Chuir sé sin ag gáire iad.
‘Bhuel!’ arsa Aoife nuair a stop siad den gháire, ‘ag an bpointe seo níl le déanamh againn ach glacadh leis an scéal mar atá agus cur suas leis. Ní maith liom é a admháil ach tá a fhios againn go léir go ndéanfaidh sí go maith é. Ní ligfidh sí an scoil síos.’
Bhí ciúnas ann arís. Iad ar fad ag smaoineamh ar Chonchita, á samhlú ag siúl suas chuig an Uachtarán.
Bláthanna á mbronnadh aici uirthi. Í ag cur fáilte roimpi thar ceann na scoile.
Bhí an ceart ar fad ag Niamh faoin oíche cheana. Leathuair an chloig ar a laghad a chaith Aoife os comhair an scátháin …
Thar ceann chuile dhuine anseo – idir mhúinteoirí agus scoláirí – ba mhaith liom fáilte a chur romhat anseo inniu chuig Scoil Mhuire. Táimid fíorbhuíoch díot as a theacht chun an leabharlann nua a oscailt go hoifigiúil … bleá… bleá… bleá .
Cén mhaith di é! Bhí sé sa bhosca bruscair faoin am seo agus ba chuma céard a déarfadh sí le daoine eile bhí a fhios ag Aoife go raibh sí fós go mór in éad le Conchita.
Í féin agus a hathair saibhir! Cén fáth go mbíonn gach uile rud ag daoine áirithe!
4
‘Bígí go maith anois is ná déanaigí an scoil a ligean síos . Má chloisim é sin oiread is uair amháin eile spréachfaidh mé!’
Bhí an cúigear cara taobh amuigh den gheata.
Go tobann léim Cathal amach os comhair an ghrúpa bhig. D’ardaigh sé a lámh is é ag iarraidh ciúnais. Thosaigh sé ag siúl suas síos mar a bheadh cigire ag breathnú ar líne saighdiúirí.
‘Aoife! Go díreach! Seas suas díreach! A Chonaill! Do ghuaillí. Siar le do thoil.

  • Univers Univers
  • Ebooks Ebooks
  • Livres audio Livres audio
  • Presse Presse
  • Podcasts Podcasts
  • BD BD
  • Documents Documents